Beidh Aoibhneas ag tosú i Meán Fómhair 2011

  • An t-aon irisleabhar míosúil Gaeilge sa tír do bhunscoileanna
  • Ag cur meabhair chultúrtha agus thraidisiúnta chun cinn
  • Oiriúnach d’obair ranga, obair aonarach nó do ghrúpaí
  • Oideachasúil agus siamsúil
  • Neart ábhair chomhrá
  • Dathúil agus samhlaíoch
meán fómhair Is é is sprioc don irisleabhar ‘Aoibhneas’ ná go gcuirfeadh sé an Ghaeilge chun cinn ar bhealach tharraingteach do pháistí sinsearacha.
Cuireann sé mórán ábhair oideasach agus faisnéiseach os a gcomhair atá taitneamhach agus siamsúil dóibh freisin.

 Is iomaí áit gur féidir úsáid thairbheach a bhaint as, i. Gaelscoileanna, bunscoileanna nach iad, clubanna óige nó clubanna obair bhaile.

aoibhneas  De thairbhe brú ama an churaclaim, tá an baol ann go bhfágfar bearnaí i ngnéithe cultúrtha agus traidisiúnta ár gcóras oideachas bunscoile. Tá súil againn go líonfaidh an t-irisleabhar seo cuid den easnamh.
scoil Beidh an t-ábhar téamach, sa mhéid is go leanfaidh sé séasúir agus féilte na bliana, i. Na Ceithre Séasúir, Oíche Shamhna, Lá Fhéile Bríde, Lá Fhéile Pádraig agus An Cháisc, lena ngníomhaíochta gaolmhara.


 Beidh ailt agus dánta bunúsacha chomh maith le tóirfhocail oideasachúla, le teachtaireacht fholaithe i ngach ceann acu, a bhfuil baint aici leis an teideal. Le chois seo, beidh crosfhocail agus dréimirí focal, tomhais, tráth na gceisteanna, anagraim, leid na chéad litreach agus ceachtanna iomlánaithe.

Beidh altanna ar ghnéithe éagsúla den Oideachas Sóisialta, Imshaoil, agus Eolaíochta.
Beidh cuid de na seanroghanna mar Labhraidh Loingseach, Dáibhí & Goliath, Píobaire Ildathach Hamelin, An Buachaill a Chuir a Mhéar sa Díog (An Ísiltír) chomh maith le scéalta nua-aimseartha agus nua-chumtha, i. An Ríomaire Draíochta agus Filleann an Feall ar an bhFeallaire san áireamh freisin.

Beidh stiallchartún ann: Micí s’Againne’, ina mbeidh Micí ag plé le hábhair éagsúla mar Lá na nAmadán, Harry Potter, Lá ar an bPortach, agus Satnav ar mo Rothar!

Beidh naoi n-eagrán sa bhliain: ceann do gach mí na scoilbhliana, seachas an Nollaig. Ta luach réamh-íoctha €2 an chóip ar orduithe 10+.

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil, líon isteach an fhoirm theagmhála le do thoil.