Ábhar.
Deireadh Fómhair.

Téann muid i dtuilleamaí béaloideas na hÉireann le haghaidh scéil na míosa
seo – Labhraidh Loingseach agus a Dhá Chluais Capaill. Beidh ar na páistí cuma na smaointeachta a
chur orthu féin chun tabhairt faoi Dhréimire Focal Oíche Shamhna, Leid na Chéad
Litreach, Tomhas agus an leathanach ar Réasúnaíocht – Oibrigh Amach
É.
Tá cur síos ar chuid den tréimhse staire a raibh baint ag na
Lochlannaigh léi chomh maith le halt ar bhall eile den Aontas Eorpach, An
Phortaingéil. Cuirtear ár gcéad scéal ón Bhíobla inár láthair le
Seosamh agus a Chóta Ildathach agus tá ceacht iomlánaithe againn ón Ghréig – scéal
Narcissus.
Ní mar a shíltear a bhítear do Mhici s’Againne nuair a ghlacann sé
páirt i gcomórtas X-Factor sa stiallchartún!
Agus tá leathanach d’ealaíontóirí: Fuinneoga Gloine Dhaite.
|