Ábhar.
Eanáir.

Tá athfhriotal an tseanfhocail mar theideal ar an scéal nua-chumtha,
Filleann an Feall in iris na míosa seo. Seo scéal faoi beirt bhuachaillí a bhfuil fóin póca acu sa
rang agus an dóigh a théann an múinteoir i ngleic leis an fhadhb.
Beidh ábhar machnaimh i gceist chun na habairtí a chur san ord cheart sa scéal
Timpiste agus chun na focail a chur san áit ceart in Dréimire Bun os Cionn agus
na ceisteanna agus freagraí cuí a mheatseáil i gCeist agus Freagra.
Cuirtear síos ar Fhuadach Aodh Rua agus beidh suim mhór ag
páistí san alt faoi thíreolas na Polainne.
Beidh spéis ag lucht na teicneolaíochta san alt ‘An Fón Póca’, a
mhíníonn cad é mar a oibríonn an fón póca agus cuirfidh lucht na Matamaitice suim i leathanach
Sudoku.
Tá puzal cumtha focail – An Fear Grinn agus tóirfhocal ar Na
Baill Bheatha ann.
Síleann Micí gurb é an t-imreoir dairteanna is fearr in Éirinn
ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí!
|