Ábhar.
Feabhra.
Cuirtear claonadh nua ar sheanscéal san Ríomhaire Draíochta in
eagrán na míosa seo, áit a bhfaigheann an ceart an bhua ar an éagóir.
Tá léiriú ar scéal na gCluichí Oilimpeacha le fáil, ón tseanam go
dtí na cluichí atá le tarlú i Londain Shasana sa bhliain 2012.
Léirítear scéal Dáibhí agus Goliath i Scéalta ón Bhíobla na míosa
seo agus tá scéal dhá naomh ann fosta. Is iad Naomh Bríd agus Naomh
Vailintín atá i gceist, de thairbhe na míosa atá ann. Ag coinneáil le traidisiún, taispeántar conas
Crosóga Bhríde a dhéanamh agus tá ceacht iomlánaithe faoi Bhríd ann freisin.
Tá carnán puzal san eagrán seo chomh maith, idir Códanna, Tomhas, Tús &
Deireadh, Crosfhocal agus Anagraim.
I stiallchartún Feabhra, feicimid cad é mar a d’éirigh le Micí nuair
a chuaigh sé ar an chlár X-Factor!
|