Ábhar.

Márta.

 márta

 Fillimis ar an Ghréig do scéal na míosa seo – Midas, Rí an Óir agus ceacht mhorálta dúinn uilig ann.
Is i bhfoirm sraith pictiúr agus boscaí eolais atá scéal na mná cáiliúla, Marie Curie.
Cuirtear dhá thaobh an scéil faoi fhuinneamh in-athnuaite agus fuinneamh neamh-in-athnuaite san alt Fuinneamh.
Déantar freastal ar Naomh Pádraig le dán bunúsach, tóirfhocal agus ceacht iomlánaithe ar an ábhar.
Fógraítear Comórtas Filíochta san eagrán seo freisin.
San alt An Siorc, tugtar léiriú agus fíricí suimiúla dúinn faoi na miotais agus an mhistíc atá ag baint leis an chreatúr álainn seo.
Tá roinnt mhaith puzal san iris seo, idir Leid na Chéad Litreach,Tús & Deireadh, Lár in Easnamh, Uimhreacha, An Ceann Corr agus Lúb-fhocail.
Sa stiallchartún, tá Satnav nua ag Micí ar a rothar ach, mar a thomhaisfeá, ní oibríonn rudaí amach mar is cóir dó!