Ábhar.

Meán Fómhair

aoibhneas


San eagrán seo, tá an scéal cáiliúil sin, Píobaire Ildathach Hamelin, faoin luchaire a mheall páistí Hamelin ar shiúl cionn is nach bhfuair sé luach a shaothair.
Tá tóirfhocal dúshlánach faoi ghnéithe an Fhómhair chomh maith le halt agus dán bunúsach faoin Fhómhar.
Tá tús scéil na Normannach le fáil san eagrán seo agus tá alt faoin Pholainn ann freisin.
Cuirtear Mici s’Againne i láthair na bpáistí don chéad uair sa stiallchartún agus tá drochthús curtha aige lena Satnav nua.
Léigh alt faisnéiseach faoin dóigh a oibríonn gléas a bhfuil an-chion ag daoine óga air: An Fón Póca.
Beidh an-suim go deo ag lucht spóirt san alt faoin laochra gailf sin, Ruairí Mac Giolla an Rí.
Is féidir le na páisti a gcumas a mheas le Tráth na gCeisteanna agus tá ábhar meabhrach in Anagraim agus Sudoku.