Ábhar.
Samhain.

Is é scéal ó ghlóir Impireacht na Róimhe a chastar orainn san eagrán seo nuair a
bhuaileann Androcles le leon fíochmhar i lár airéine na Róimhe.
Tá cúpla dréimire focal ann, tóirfhocal faoin Gheimhreadh agus
Oideas d’íogart reoite do na cócairí sa rang.
Maidir leis an Imshaol, tá alt suimiúil ann faoi úsáidí na gcrann agus alt eile ag
trácht ar thionchar na mBolcán Cáiliul ó 79 A.D. go dtí 2010.
Ó thaobh na staire de, tá alt ann faoi Uachtaráin a raibh clú agus
cáil orthu, idir uachtaráin na Stáit Aontaithe agus uachtaráin na hÉireann.
Tá fógra ann faoi Chomórtas Ealaíne agus cúpla puzal mar An
Lár in Easnamh, Anagraim, Míreanna Mearaí agus Tráth na gCeisteanna.
San Eolaíocht, tá alt faoin Tumadóir Cairtéiseach agus an dóigh
chun é a thriail sa rang. Is rud taitneamhach seo do pháistí agus cuireann sé beatha agus suim in rud a
d’fhéadfadh a bheith leamh.
Ag deireadh, tá Micí bocht i dtrioblóid leis na Gardaí de
thairbhe
mí-thuisceana, sa stiallchartún.
|